Tháinig ár scoil isteach sa scéim Gaelbhratach den chéad uair anuraidh, agus i mí na Bealtaine 2025 bronnadh orainn ní hamháin ár mbratach féin ach an gradam náisiúnta don choiste is fearr sa tír. Is mór an onóir dúinn é sin agus léiríonn sé an díograis agus an fuinneamh a bhaineann lenár bhfoireann.
Tá Coiste Gaelbhratach bríomhar agus fuinniúil againn sa scoil, agus bíonn siad i gcónaí ag obair go dian chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn i saol na scoile agus sa phobal áitiúil. Ní amháin go n-eagraíonn siad imeachtaí laistigh den scoil – le cuidiú leis an gCumann Gaelach – ach bíonn siad páirteach freisin i dtionscadail chruthaitheacha sa phobal.
I measc na n-imeachtaí rathúla a d’eagraigh siad bhí “Pop-Up Gaeltacht” sa leabharlann áitiúil mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, turas speisialta chuig ceanncheathrú TikTok, agus céilithe spraíúla le bunscoileanna áitiúla. Eagraíonn siad freisin cluichí teanga ar nós Tráth na gCeist agus Biongó, agus “Buail agus Siúil” – taiscéalaíochtaí spraíúla a thugann deis do pháistí ó bhunscoileanna an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht nádúrtha agus shiamsúil.
Tá na hiarrachtaí seo ag cruthú timpeallacht dhearfach agus bríomhar sa scoil, áit a mbíonn an Ghaeilge beo i gcónaí. Táimid thar a bheith bródúil as na héachtaí a bhain an Coiste Gaelbhratach amach, agus as an atmaisféar Gaelach atá siad ag cothú i bpobal na scoile.
Our school joined the Gaelbhratach programme for the first time last year, and in May 2025 we were awarded not only our very own Gaelbhratach flag, but also the top national award for the best committee in the country. This is a tremendous honour and a true reflection of the energy and dedication of our team.
We are proud to have a vibrant and enthusiastic Gaelbhratach Committee in our school, who work tirelessly to promote the Irish language and culture in school life and in the wider community. They not only organise events within the school – often in partnership with the Cumann Gaelach – but also take part in creative projects in the community.
Among their many successful initiatives were a “Pop-Up Gaeltacht” in the local library as part of Seachtain na Gaeilge, a special trip to TikTok Headquarters, and lively céilís with local primary schools. They also host Irish language games such as Table Quizzes and Bingo, as well as “Buail agus Siúil” treasure hunts, giving younger pupils the opportunity to use Irish in a natural and fun environment.
Through these efforts, the committee is creating a positive, vibrant atmosphere in which Irish is alive every day. We are extremely proud of all that the Gaelbhratach Committee has achieved, and of the strong Irish spirit they continue to foster at the heart of our school.
'Tír gan teanga, Tír gan anam' - Pádraig Mac Piarais