Tinreamh

Tábhacht an Tinrimh i gColáiste Dhún Másc

Is é tinreamh rialta bunús na rathúlachta acadúla, ag cothú foghlama leanúnaí, forbartha pearsanta agus deiseanna amach anseo.

I gColáiste Dhún Másc creidimid go bhfuil tinreamh comhsheasmhach riachtanach chun go mbainfidh daltaí a lánchumas amach. Tógann gach lá foghlama ar an lá roimhe sin, agus trí bheith i láthair cinntítear go bhfanann daltaí gníomhach agus go mbainfidh siad tairbhe as gach deis oideachais.

Thíos tá roinnt príomh-uimhreacha faoi thionchar an tinrimh ar rath na ndaltaí:

  • 95% Tinreamh: Ní bhíonn as láthair ach timpeall 9 lá scoile sa bhliain ag daltaí leis an ráta seo. Meastar go ginearálta gur den scoth é seo agus go gcoinníonn sé an fhoghlaim ar an mbóthar ceart.

  • 90% Tinreamh: Ciallaíonn sé seo 19 lá scoile caillte i mbliain amháin – beagnach mí iomlán foghlama – rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm go mór ar dhul chun cinn.

  • 85% Tinreamh nó níos ísle: Má chailltear níos mó ná 28 lá scoile i mbliain amháin, féadfaidh sé seo tionchar tromchúiseach a imirt ar ghnóthachtáil acadúil agus ar rannpháirtíocht.


Conas a Thacaímid le Tinreamh

Is é ár sprioc atmaisféar te, tacaíoch a chothú a spreagann daltaí chun teacht ar scoil gach lá. Seo mar a oibrímid le chéile:

Cad a dhéanfaidh muid sa scoil:

  • Fáilte Gach Maidin: Beidh fáilte roimh gach dalta ag doras na scoile gach lá.

  • Tinreamh Laethúil: Déanfaimid tinreamh agus poncúlacht do linbh a sheiceáil gach lá.

  • Teachtaireacht Maide déanach: Seolfaimid ríomhphost pearsanta trí VS Ware chuig tuismitheoirí/cúramóirí chun tú a chur ar an eolas má thagann do pháiste déanach ar scoil.

  • Cumarsáid: Déanfaimid glao abhaile chun tinreamh do pháiste a phlé leat nuair is gá.

  • Cruinnithe Tinrimh: Tabharfaimid cuireadh duit teacht chun na scoile le haghaidh cruinnithe má bhíonn imní orainn.

  • Cur Chun Cinn Tinrimh Dhearfaigh: Rithfimid comórtais agus córas pointí luaíochta i mbliana chun béim a chur ar thábhacht an tinrimh.

Cad is Féidir Leat a Dhéanamh mar Thuismitheoir:

  • Tinreamh Rialta a Spreagadh: Cuir béim ar thábhacht a bheith ar scoil gach lá.

  • Pleanáil Roimh Ré: Déan coinne agus saoire teaghlaigh lasmuigh d’am scoile nuair is féidir.

  • Fan ar an Eolas: Íoslódáil an aip VS Ware agus coinnigh fógraí ar siúl ionas gur féidir leat tinreamh do pháiste a sheiceáil go rialta agus teagmháil a dhéanamh linn má thugann tú faoi deara aon fhadhb.

  • Spreagadh agus Tacaíocht: Spreag do pháiste a bheith ar scoil in am gach lá. Is mór againn do thacaíocht leanúnach.

  • Coinní: Cuir an scoil ar an eolas tríd an oifig nó trí VS Ware roimh ré faoi aon choinne riachtanach. Déan do dhícheall gach coinne a sceidealú lasmuigh d’uaireanta scoile.

  • Éiginnteacht faoi Thinreamh: Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil do pháiste sách maith le dul ar scoil, seol ar scoil iad – is minic a bhraitheann siad níos fearr nuair a shroicheann siad. Más tinn/ionfhabhtaíoch do pháiste, coinnigh sa bhaile iad go dtí go mbeidh siad sách maith le filleadh.

  • Plean Iompair Eile: Bíodh plean cúltaca agat ar eagla go gcaillfeadh do pháiste an bus; smaoinigh ar bhall teaghlaigh, comharsa nó cara. Tá racaí rothar againn dóibh siúd a rothlaíonn, agus spreagaimid siúl chun na scoile nuair is féidir.

  • Cumarsáid faoi Dheanamh Deacrachtaí: Má tá deacrachtaí agat féin nó ag do pháiste le tinreamh scoile, cuir glao orainn, seol ríomhphost, déan teagmháil linn.

  • Seiceáil san Aip VS Ware: Tabharfaidh sé seo léargas soiléir duit ar thinreamh agus ar phoncúlacht do pháiste i gcaitheamh gach lá scoile.


Le chéile, is féidir linn cabhrú le gach páiste rath a bhaint amach – ag tosú le tinreamh maith!

The importance of Attendance at Dunamase College

Regular attendance is the foundation of academic success,

fostering consistent learning, personal growth, and future opportunities.

At Dunamase College we believe that consistent school attendance is vital for students to reach their full potential. Each day of learning builds upon the last, and being present ensures students stay engaged and benefit from every educational opportunity.

Below are some key numbers about school attendance and its impact on student success:

  • 95% Attendance: Students with this attendance rate miss around 9 days of school per year. This is generally considered excellent and keeps learning on track.
  • 90% Attendance: Missing 19 days of school in a year means almost a full month of learning is lost, which can impact progress significantly.
  • 85% Attendance or Below: Missing over 28 days of school in a year can have a serious impact on academic achievement and engagement.

How We Support Attendance

Our goal is to foster a warm, supportive atmosphere that motivates students to attend school every day. Here is how we can work together:

What we will do in school:

  • Meet & Greet: We will welcome all students through our doors each day.
  • Daily attendance: Monitor your child's attendance and punctuality daily.
  • Late Arrival Message: Send personal mails via VS Ware to parents/guardians to notify you when your child has arrived late to school.
  • Communication: Call home to discuss your child's attendance with you when needed.
  • Attendance meetings: Invite you to attend our school for attendance meetings if we have concerns.
  • Positive Attendance Promotion: we will run a number of competitions and rewards points this year to place a focus on the importance of attendance.

What You Can Do as a Parent:

  • Encourage Regular Attendance: Emphasise the importance of being in school every day.
  • Plan Ahead: Schedule appointments and family holidays outside of school time whenever possible.
  • Stay Informed: Download the VS Ware app and turn notifications on so you can regularly check your child’s attendance and reach out if you notice any issues.
  • Encourage and Support: Your child to come to school on time every day. We would greatly appreciate your unwavering support with this.
  • Appointments: Inform the school via the school office or on VS Ware in advance about any essential appointments. Please do everything possible to ensure all appointments are outside of school hours.
  • Attendance Uncertainty: If you’re unsure if your child is well enough to attend school, send them to school as they often feel better upon arrival. If your child is sick/contagious please keep them at home until they are well enough to return.
  • Transport back up plan: Have a backup plan in case your child misses transport; consider involving a family member, neighbour or friend. We have bike racks for those that cycle, and we promote students walking to school where possible.
  • Communication about difficulties: If you and your child are facing challenges with school attendance, call us, emails us, reach out.
  • Check in on the VS Ware App: This will give you a clear insight into your child’s attendance and punctuality throughout each school day.

Together, we can help every child succeed - starting with great attendance!

Samh 27
2025
Bliain 6 - Cruinniú Tuismitheoirí is Múinteoirí
Noll 11
2025
Bliain 3 - Cruinniú Tuismitheoirí is Múinteoirí
Ean 22
2026
Bliain 5 - Cruinniú Tuismitheoirí is Múinteoirí
Feabh 05
2026
Bliain 1 - Cruinniú Tuismitheoirí is Múinteoirí
Coláiste Dhún Másc
Railway Street, Portlaoise, Co. Laois, R32 WE02, Ireland
Contact Us
057 866 4696
© 2025 Coláiste Dhún Másc